2005-12-07

In Inmhe -

Dia daoibh,

Seo mo chéad iarracht blog a dhéanamh, mar sin bígí foighneach liom! Bímse ró-leithsciúil úrscéal iomlán a léamh cé go mbíonn dea-chroí agam (the best of intentions-grma, anon) i gcónaí. Sílim go gcuirfeadh blogleabhair mar seo deis dúinne caint faoi cad is brí leis na focail agus giotaí gramadaí atá deacair dúinne agus na focail agus giotaí nua seo a chuir i bhfriotal seachas iad a fhagáil i gcóipleabhair nó sna margins den leabhar scrábáilte i bpeann luaidhe. Tá fáilte roimh gach duine a bheith páirteach, ach an rud is tábhachtach dom ná nach ndéantar dearmad gur clubleabhair bunaithe ag foghlaimeoirí le haghaidh foghlaimeoirí atá ann agus an sprioc atá ann ná go beidh muidne ag obair le chéile go dtí go dtuigfeadh gach duine an scéal de réir a chéile.

Ba mhaith liom tosnú le dul tríd an leabhar In Inmhe le Tómas Mac Síomóin. Tá a fhios agam nach bhfuair gach duine an leabhar go fóill, ach tá mé ag cur liosta focail ar fáil ionas go mbeidh sé níos éasca a léamh gan a bheith ag dul chuig an foclóir gach dara líne. Léigh mé an rud iomlán cheana féin ach níor léigh mé go cruinn é. Sílim go gcaithfidh muid dul tríd go mall, ionas go mbeidh am ag gach duine a bheith ar an leathanach céanna, mar a deirtear. Le sin ba mhaith liom saghas study guide ar nós cliff notes a chruthú leis. Mar sin, má dhéanann muid 10 leathanach gach seachtain,
Ceard faoi go mbeidh muid ag tosnú caint faoi an chéad 10 leathanach ar Dé hAoine 6 Eanair? Cuirfidh mé liosta focail suas, agus má tá éinne críochnaithe leis an méid sin cheana féin, más maith libh ceisteanna comprehension nó cleachtaí ar bith a oireann den chéad 10 leathanach, fiú ceisteanna faoi stair ná tír eolaíocht na tréimhse sin, beidh sé sin go hiontach..