2006-01-13

Tans, Staters, agus Blueshirts

Bhí Daideo san IRA, agus b'iad na Tans, Staters agus Bluesirts an namhaid ag treimhsí eagsúla den streachailt.

  1. Na "Tans"
    Tháinig na feisirí de chuid Sinn Féin a toghadh chuid Westminster le chéile i dteach an Árd Mhéara i mBÁC ar an 21ú Eanáir, 1919. B'é sin An Chéad Dáil. Ar an lá chéanna, mharáigh baill den IRA beirt ón RIC i gcontae Tiobraid Árainn, gníomh a chuir tús le Cogadh na Saoirse. Ní raibh aon chéad faighte don gníomh seo. Bhí deacrachtaí ag Rialtas na Breataine, toisc gur éirigh baill den RIC as, agus is dá bharr sin a chuir siad forsa cúnta ar bun. Daoscar slua de sháighdiúrí a bhí éirithe as, agus fiú roinnt coirpigh, a bhí sa dream seo, agus chaith siad meascan d'éide poiliní (dubh) agus airm (khaki). Is as sin a bhfuair siad an leasainm "Black and Tans" - (ó foireann ráschúanna, más buan mo chuimhne, ach nílim ag fail tagairt do sin faoi láthair)

  2. Na "Staters"
    Tháinig deireadh le Cogadh na Saoirse nuair a ghlac Dáil Éireann le 64 guth in aghaidh 57 leis an gConradh Angla-Éireannach, a bhunaigh Saorstát Éireann. Cé go raibh "Saorstát" a úsáid roimhe sin mar leagan ghaeilge de "Republic", "The Irish Free State" a tugadh ar an Stát. As sin a d'eascair an leasainm Staters dóibh siúd a sheas leis an gConradh sa chogadh fuilteach a lean go dtí 1926, cogadh ar a dtugtar "Cogadh na gCarad" sa Ghaeilge, agus a d'fhág lorg doimhin ar stair na hÉireann ó shin

  3. Na "Blueshirts"
  4. Gné casta eile den stair. Nuair a chéad bunaíodh Fianna Fáil ag Dev, bhí tacaíocht an IRA aige, tacaíocht ar bhain sé feidhm as i gcoinne a naimhde pholaitiúla. "Cumann na nGaedhal" a bhí ar an gcuid sin de Shinn Féin a sheas leis an gConradh. Bhí pairtí ag na feirmeoirí móra freisin, agus iarsmaí de phairtí "Home Rule" Redmond - an Pairtí Parliamenteach Éireannach. Tháinig na dreamanna seo le chéile faoi roinnt ainmneacha. Chuir siad buíon ar siúl chun cosaint a thabhairt dá gcruinnithe, a bhíodh á scriosadh ag baill den IRA. Ar ball, thosnaigh an buíon seo ag caitheamh léine gorm ar mhaithe lena gcomraidaithe a aithint le linn bruíon. Luaitear gothaí faisisteacha leo, agus chuaigh roinnt acu don Spáinn le troid ar son Franco. Ar lean


(Fáilte roimh leasaithe. Cuid íogair den Stair seo - taim ag iarraidh bheith neodrach, ach...)

0 Comments:

Post a Comment

<< Home